Bánú ag Bailiú ar son tithíochta sa Ghaeltacht
Fri 9 Feb 2024 20:00 - 00:30
An Poitín Stíl, Indreabhán
Description
Tá oíche cheoil á reáchtáil sa bPoitín Stíl ag 8in ar an Aoine, 9 Feabhra le hairgead a bhailiú don eagraíocht tithíochta, Bánú.
Beidh Clann Sonaí, na Rógairí, Johnny Óg, Ceoltóirí Óga Cois Fharraige agus tuilleadh ag seinm ar an oíche agus beidh céilí ann mar chuid dó freisin.
Tá costas €10 ar an doras nó ar líne anseo.
Tá sé mar aidhm Bánú feachtas a chur ar bun maidir le ceist na tithíochta sa nGaeltacht le go mbeidh deis ag níos mó Gaeil fanacht sa Ghaeltacht agus cultúr na teanga agus an cheantair a chothú agus caomhnú. Beidh eolas faoi obair agus spriocanna na heagraíochta ar fáil ar an oíche.
Fáilte roimh chách don cheol, comhluadar agus craic.