Scéal Lae - Amharclann Chois Fharraige
Scéal Lae - Amharclann Chois Fharraige
Share this event
Ceapaim go bhfuil mé i mo dhúiseacht...
Ach céard a dhúisigh mé? An buille beag sin ar an bhfuinneog, an tsliseog ghréine sin ar an mballa, mo chos fhuar?
Mar sin a thosaíonn scéal láncheol faoi lá pháiste amháin, a dhéanann iontach an gháthrud. Le ceol beo, scéalaíocht bhríomhar agus beochan spleodrach.
Taispeántas beo é seo arna choimisiúnú ag Branar agus curtha i láthair ag an ConTempo Quartet. Comhthogra de chuid Branar agus MusicConnects. Focla agus beochan leis an údar clúiteach do pháistí Mary Murphy agus bunscór leis an gcumadóir iomráiteach Tom Lane.
Tá ticéad ag teastáil uaidh gach páiste agus gach duine fásta a fhreastalaíonn ar an seó. Caithfidh duine fásta a bheith in éineacht le gach páiste.
Cruthaithe do: Páistí 4 bliana d'aois agus níos sine.
Fad reatha: thart ar 40 nóiméad
Teanga: Gaeilge
Location
Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna), H91 P23Y