Skip to main content

Turas an Chlub go hInis Meáin

Fri 29 May 2026 6:00 PM - Mon 1 Jun 2026 10:30 PM Inis Meáin, H91 C1FE

Turas an Chlub go hInis Meáin

Fri 29 May 2026 6:00 PM - Mon 1 Jun 2026 10:30 PM Inis Meáin, H91 C1FE

Tá an Club ag dul go hInis Meáin!

Tá muid ag eagrú turais go hInis Meáin ar an 29ú Bealtaine go 1ú Meitheamh 2026.

Tá go leor imeachtaí pleanáilte againn i gcomhpháirt le Comhlacht Forbartha Inis Meáin is beidh ardspraoi againn ar an oileán don deireadh seachtaine. I measc na n-imeachtaí, beidh rang agus seisiún amhránaíochta, turais go dtí Teach Synge agus Dún Chonchúir, Súilóid threoraithe agus imeachtaí eile le muintir an oileáin. Dár ndóigh beidh neart craic san áireamh chomh maith!

Tá méid teoranta spásanna ann don turas seo. Is seomraí roinnte iad an chuid is mó de na seomraí agus tá bricfeasta san áireamh leis an lóistín. Má dhíoltar amach é, déanfaimís iarracht tuilleadh seomraí a chur in áirithe. Is féidir le daoine a socrúchán taistil féin a dhéanamh.

Tá lascaine 10% ar fáil do bhaill reatha an Chlub. Déan cinnte do ríomhphost a sheiceáil i gcomhair an chóid. 

event_description_image_184236_1776090244_092bb.jpg?_a=BAAE6HDQ

Location

Inis Meáin, H91 C1FE