Club Drámaíochta Chraobh Bhaile Átha Cliath 7
Club Drámaíochta Chraobh Bhaile Átha Cliath 7
Share this event
Bígí páirteach i gClub Drámaíochta Chraobh Bhaile Átha Cliath 7!
Is club drámaíochta do dhéagóirí idir 12 - 16 iomlán trí Ghaeilge. Beidh rang drámaíochta lán spraoi lán fuinnimh á chur ar fáil ag Craobh BhÁC 7 faoi stiúir an aisteora chlúitigh, Roxanna Nic Liam!
Foghlameoidh na déagóirí neart sa rang idir scileanna aisteoireachta agus drámaíochta a chuirfidh go mór lena muinín, a gcruthaitheacht, agus a spontáineacht uilig trí mheán na Gaeilge.
Deis iontach í seo do dhéagóirí atá fiosrach agus ag iarraidh scileanna nua a fhoghlaim!
Beidh na ranganna ar siúl gach Máirt ó 6.30 go 8 ar feadh téarma 10 seachtaine ón 15ú Meán Fómhair ar aghaidh le briseadh i lár an téarma. Beidh na ranganna ar siúl i nGaelscoil Bharra ar Ascal an Fhásaigh, Cabrach.
Spásanna teoranta don rang
Saor in aisce
Tá an club drámaíochta seo á chur ar fáil ag Craobh Bhaile Átha Cliath 7 le tacaíocht fhlaithiúil ó Fhoras na Gaeilge. Tá fáilte roimh gach aon léibhéal Gaeilge!
Má tá aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh leis an gcraobh ag bac7@cnag.ie.
Dátaí an chúrsa
| Dáta | Am |
|---|---|
| Máirt, 15 Meán Fómhair 2026 | 6:30 i.n. - 8:00 i.n. |
| Máirt, 22 Meán Fómhair 2026 | 6:30 i.n. - 8:00 i.n. |
| Máirt, 29 Meán Fómhair 2026 | 6:30 i.n. - 8:00 i.n. |
| Máirt, 6 Deireadh Fómhair 2026 | 6:30 i.n. - 8:00 i.n. |
| Máirt, 13 Deireadh Fómhair 2026 | 6:30 i.n. - 8:00 i.n. |
| Máirt, 20 Deireadh Fómhair 2026 | 6:30 i.n. - 8:00 i.n. |
| Sos: | |
| Máirt, 3 Samhain 2026 | 6:30 i.n. - 8:00 i.n. |
| Máirt, 10 Samhain 2026 | 6:30 i.n. - 8:00 i.n. |
| Máirt, 17 Samhain 2026 | 6:30 i.n. - 8:00 i.n. |
| Máirt, 24 Samhain 2026 | 6:30 i.n. - 8:00 i.n. |
////////////////////////////
This is a drama club for teenagers aged 12 to 16, conducted entirely through Irish. Craobh BhÁC 7 is delighted to offer a fun-filled, energetic drama course led by the acclaimed actor Roxanna Nic Liam.
Participants will learn a wide range of acting and drama skills that will greatly enhance their confidence, creativity, and spontaneity, all through the medium of Irish.
This is a fantastic opportunity for curious teenagers who want to learn new skills and develop their talents.
Classes will take place every Tuesday from 6:30pm to 8:00pm over a 10-week term, beginning on 15 September 2026, with a mid-term break. Classes will be held in Gaelscoil Bharra, Fassaugh Avenue, Cabra.
Places are limited.
This drama club is being provided by Craobh BhÁC 7, with the generous support of Foras na Gaeilge. All levels of Irish are welcome.
If you have any questions, please contact the Craobh BhÁC 7 at bac7@cnag.ie.
Course Dates
| Date | Time |
|---|---|
| Tuesday, 15 September 2026 | 6:30pm - 8:00pm |
| Tuesday, 22 September 2026 | 6:30pm - 8:00pm |
| Tuesday, 29 September 2026 | 6:30pm - 8:00pm |
| Tuesday, 6 October 2026 | 6:30pm - 8:00pm |
| Tuesday, 13 October 2026 | 6:30pm - 8:00pm |
| Tuesday, 20 October 2026 | 6:30pm - 8:00pm |
| Break: Tuesday, 27 October | No class |
| Tuesday, 3 November 2026 | 6:30pm - 8:00pm |
| Tuesday, 10 November 2026 | 6:30pm - 8:00pm |
| Tuesday, 17 November 2026 | 6:30pm - 8:00pm |
| Tuesday, 24 November 2026 | 6:30pm - 8:00pm |
Location
Gaelscoil Bharra, D07 CF72