Ceardlann Filíochta Bhéil le Cormac Mac Gearailt
Tá an láithriú lárnach sa bhfilíocht bhéil, agus sa cheardlann seo díreoidh Cormac ar conas dán a chumadh agus é a aithris / chur i láthair os comhair an phobail. Déanfar staidéar ar ghnéithe éagsúla na filíochta béil, agus beidh cleachtaí scríbhneoireachta le déanamh chomh maith le deis do gach éinne dán a léamh os ard os comhair an mic.
Ceardlann trí huaire an chloig a bheidh i gceist. Beidh sí oiriúnach do thosaitheoirí, do dhaoine ag meánleibhéal agus d’aon duine atá ag iarraidh feabhas a chur ar a chuid cur i láthair.
Cad a chlúdaíonn an cheardlann?:
- Cad iad na gnéithe éagsúla atá riachtanach chun dán cumhachtach a chumadh?
- Conas feabhas a chur ar do chur i láthair / aithris
- Staidéar ar dhánta cumhachtacha.
- Deis seasamh taobh thiar den mic agus dán a léamh os comhair an ranga (le haiseolas).
- Cleachtaí scríbhneoireachta éagsúla.
- Ceardlann chairdiúil, oscailte agus thacúil, lán d’eolas, d’fhilíocht agus de craic.
Níl aon rud ag teastáil ach peann agus páipéar. Ar an lá, beidh meascán de scríobhneoiracht, comhrá, staidéar, agus dánta le rá.
Is file agus éascaitheoir scríbhneoireachta chruthaitheach é Cormac Mac Gearailt, as Baile Átha Cliath, ach tá dlúth-cheangal aige le Corca Dhuibhne. Scríobhann sé i nGaeilge agus i mBéarla. Is curadh slam filíochta na hÉireann 2024 é (i mBéarla), agus bhuaigh sé an comórtas idirnáisúnta Slamovision le dán Gaeilge.
Tar éis duit d’cheardlann a chur in áirithe, seolfaimid ríomhphost chugat ag deimhniú do áite.
Eolas faoi inrochtaineacht an ionaid anseo
Polasaí Cealaithe agus Aisíocaíochta
Má chuireann tú do áit ar cheardlann ar ceal trí sheachtain nó níos mó roimh an dáta tosaithe, tairgfear aisíocaíocht duit, lúide an táille áirithinte.
Má chuireann tú an t-áirithint ar ceal níos lú ná trí seachtaine roimh thús ceardlainne, ní bheidh tú i dteideal aisíocaíochta, cé go bhféadfaí aisíocaíocht a thairiscint ag brath ar na cúinsí.
Teastaíonn líon íosta rannpháirtithe chun ceardlanna a thosú.
Location
Ollscoil an Chroí Naofa, An Daingean, V92 V593