Skip to main content
  • Sadhbh Devlin
1 of 3

An Fia sa Choill le Sadhbh Devlin

Sat 21 Nov 2026 12:00 - 13:00 Leabharlann an Daingin, V92 Y288

An Fia sa Choill le Sadhbh Devlin

Sat 21 Nov 2026 12:00 - 13:00 Leabharlann an Daingin, V92 Y288

An Fia sa Choill le Sadhbh Devlin

Sat 21 Nov 2026 12:00 - 13:00 Leabharlann an Daingin, V92 Y288

Dá mbeadh tú in ann draoíocht a imirt ort féin chun tú féin a athrú i d’ainmhí, cén ainmhí a róghnófá? Bí i gcuideachta Sadhbh Devlin ag ceardlann spraíúil, shamhlaíoch atá bunaithe ar a leabhar An Fia sa Choill agus ar an draíocht agus na claochluithe a fhaightear i seanscéalta na hÉireann. Tar éis duit cuid den scéal a chloisteáil, samhlóidh tú tú féin agus tú claochlaithe i do rogha ainmhí. Ina theannta sin, tarraingeoidh tú pictiúr den chuma a bheadh ort agus cruth an ainmhí sin ort ​​ agus pléifidh sibh an cineál draíochta a bheadh ag teastáil chun an claochlú sin a chur i gcrích. Tá an cheardlann dírithe ar pháistí idir 3 agus 7 mbliana d’aois.

Is scríbhneoir do pháistí í Sadhbh Devlin. Tá cúig pictiúirleabhar dá cuid foilsithe ag Futa Fata. Tá cónaí uirthi i mBré, Co. Chill Mhantáin lena fear chéile, a hiníní, Lile agus Sábha agus caitín dána d’arbh ainm Pico.

Eolas faoi inrochtaineacht an ionaid anseo

Location

Leabharlann an Daingin, V92 Y288