Puisín na mBróg le Fearghas Mac Lochlainn
Tar chuig an gceardlann spraíúil seo chun éisteacht le Fearghas ag léamh as a leabhar nua, *Puisín na mBróg*. Cuirfear am i leataobh chomh maith chun pictiúirí a tharraingt, gníomhaíochtaí a dhéanamh agus do véarsa féin a scríobh. Tá an cheardlann dírithe ar pháistí idir 3 agus 7 mbliana d’aois.
Is iar-mhúinteoir bunscoile é Fearghas Mac Lochlainn atá ina chónaí sa Spidéal i gContae na Gaillimhe. Tá aithne ar Fhearghas mar chumadóir amhráin, agallaimh bheirte is lúibíní. Oibríonn sé mar mhaisitheoir freisin le ‘Fighting Words Chonamara.’ Tá riar leabhra do pháistí aistrithe go Gaeilge ag Fearghas. Tá roinnt saothair dá chuid féin scríofa aige freisin.
Location
Leabharlann an Daingin, V92 Y288