Skip to main content
  • Baill d'Aisteoirí Bhréanainn
1 of 3

An Dá Dhruncaeir le hAisteoirí Bhréanainn

Sun 22 Nov 2026 15:00 - 16:00 An Díseart, V92 VW74

An Dá Dhruncaeir le hAisteoirí Bhréanainn

Sun 22 Nov 2026 15:00 - 16:00 An Díseart, V92 VW74

An Dá Dhruncaeir le hAisteoirí Bhréanainn

Sun 22 Nov 2026 15:00 - 16:00 An Díseart, V92 VW74

Iontas agus suntas i ndán do lucht amharclainne Chorca Dhuibhne nuair a déanfar ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar dhuine d'fhilí agus drámadóirí oirirc an cheantair - Tadhg Ó Conchúir (1838 – 1925).

Is é an traidisiún béil a thug saibhreas filíochta agus drámaíochta Thaidhg slán agus chomh fada linn inniu, mar ní raibh scríobh ná léamh riamh aige, ná gá aige leo! Ag casadh na 20ú haoise, agus é in a sheanduine, thosnaigh bailitheoirí béaloidis ag tarraingt ar a thig i Lios Póil, ag taifead agus ag ceiliúradh a chuid cumadóireachta. De bharr a gcuid oibre, tá oidhreacht luachmhar scéalaíochta, filíochta agus drámaíochta inniu againn, léargas ar shaolré nach mbeidh teacht arís chuige air.

I measc an chuid is fearr dá chuid saothair, tá An Dá Dhruncaeir – dráma seoigh, magúil a thugann deis dúinn dul ag tóch agus ag gliúcaíl trí chultúr, greann agus saol dhearcadh na tréimhse réamhliteartha i stair na leithinise seo.

Sa léiriú nua promenade seo ó Aisteoirí Bhréanainn tugtar An Dá Dhruncaeir an Daingean, le cliar míchuíosach Gaeltachta. Ina measc tá an t-amhránaí Páidí Mhárthain Mac Gearailt, an scéalaí iomráiteach Tomás Ó Lúing, agus na haisteoirí ildánacha Bríd Criomhthain, Treasa Ní Lúing agus Caitríona Budhleir. 

Tabhair faoi deara: Beidh siúlóid ghearr lasmuigh mar chuid den imeacht seo (beir leat do chasóg).

Eolas faoi inrochtaineacht an ionaid anseo

Location

An Díseart, V92 VW74