Skip to main content
  • Cúrsa lae Gaeilge i sléibhte Chill Mhantáin / Irish-language day course in the Wicklow Mountains (A2)
1 of 3

Cúrsa lae Gaeilge i sléibhte Chill Mhantáin / Irish-language day course in the Wicklow Mountains (A2)

Sat 28 Mar 2026 09:00 - 18:00 Ráth Daingin

Cúrsa lae Gaeilge i sléibhte Chill Mhantáin / Irish-language day course in the Wicklow Mountains (A2)

Sat 28 Mar 2026 09:00 - 18:00 Ráth Daingin

Cúrsa Gaeilge arna reáchtáil i gcúinne álainn de shléibhte Chill Mhantáin is ea é seo leis an deis a thabhairt do dhaoine a thumadh sa Ghaeilge ar feadh lae. Beidh an cúrsa seo á reáchtáil Dé Sathairn an 28 Márta i Ráth Daingin in iarthar Chill Mhantáin. Beidh ranganna ann ar maidin agus siúlóid staire agus rang tar éis lóin. Cuirfear lón ar fáil. Cuirfear tús leis an gcúrsa ar a 9 ar maidin agus críochnóidh sé thart ar a 5. Go leor deiseanna leis an nGaeilge a chleachtadh! 

Tá an cúrsa seo oiriúnach do dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil ach a bhraitheann nár thug siad na bunscileanna teanga leo nó go bhfuil gach rud dearmadta acu agus ar mhaith dul ar ais agus an teanga a athfhoghlaim (leibhéal A2) Ní cúrsa do ghlantosaitheoirí é seo.

€110 an costas atá ar an cúrsa seo. Tá na háiteanna teoranta mar sin déan d'áit a chur in áirithint gan mhoill!

Tuilleadh eolais: www.fuiseog.org

---

This course is a day-long Irish-language course in a lovely corner of the Wicklow Mountains with the aim of giving people the opportunity to immerse themselves in Irish for the day. The course will take place in Rathdangan, west Wicklow on Saturday 28th March. There will be classes in the morning and a history walk and another class after lunch. Lunch will be provided. The course will begin at 9 in the morning and finish around 5. Plenty of opportunities to practise the cúpla focal! 

This course is suitable for people who learned Irish at school but feel they never really got the grasp of it or that they have forgotten what they learned and wish to go back and relearn the language (Level A2). This is not a course for complete beginners.

€110 is the cost of this course. Places are limited so book early!

More information: www.fuiseog.org 

Location

Ráth Daingin