Deireadh seachtaine folláine i sléibhte Chill Mhantáin / Irish-language wellness weekend in the Wicklow Mountains
Deireadh seachtaine folláine i sléibhte Chill Mhantáin / Irish-language wellness weekend in the Wicklow Mountains
Share this event
Beidh an cúrsa folláine seo á reáchtáil an 6-8 Márta in ionad Slí an Chroí i gceantar Ráth Daingin/Chill Téagáin in iarthar Chill Mhantáin. Ní bheidh ranganna Gaeilge mar chuid den deireadh seachtaine seo ach beidh na himeachtaí ar fad ar siúl trí Ghaeilge. Mar sin, d'oirfeadh an deireadh seachtaine seo do dhaoine a bheadh ar a gcompórd le labhairt na Gaeilge le linn an deiridh seachtaine ar fad.
Beidh an cúrsa ag tosnú oíche Dé hAoine le dinnéar ar an láthair. Ar roinnt de na himeachtaí a bheidh ar siúl beidh seisiúin ióga agus "folcadh fuaime" le Foxglove Sound and Yoga, siúlóid sa choill, aireachas foraoise agus seisiún machnaimh le Fidelma Farley, cóitseálaí, agus beidh an rogha ann dul chuig sauna (www.foxglen.ie) tráthnóna Dé Domhnaigh ag deireadh an chúrsa (seachas sin críochnóidh an cúrsa ag am lóin Dé Domhnaigh).
Is san ionad "Slí an Chroí" ar eastát St Patrick's Missionary Society a bheidh an cúrsa ar siúl. Seomraí aonair atá ar fáil, ach seomraí folctha roinnte. Cuirfear dinnéar ar fáil an dá oíche, bricfeasta agus lón an dá lá.
Tá an cúrsa seo oiriúnach do dhaoine a bhfuil tuiscint mhaith agus scileanna cumarsáide maithe sa Ghaeilge acu (cé nach gá a bheith foirfe dar ndóigh!!).
€450 an costas atá ar an gcúrsa seo. Tá na háiteanna teoranta mar sin déan d'áit a chur in áirithint gan mhoill!
Tuilleadh eolais: www.fuiseog.org
---
This wellness course will take place in the Slí an Chroí centre, Rathdangan/Kilteagan in west Wicklow from 6-8 March. There will be no Irish classes on this weekend, but all activities will be carried out as Gaeilge. It is suitable, therefore, for people who would be comfortable speaking Irish for the weekend.
The course will begin with dinner together on the Friday evening. The weekend's activities will include yoga and sound bath sessions with Foxglove Sound and Yoga, a woodland walk, forest bathing and a mindfulness session with coach Fidelma Farley, and there will be an option to visit a sauna on Sunday after the course finishes up after lunch (www.foxglen.ie).
The course will take place in "Slí an Chroí" which is located on the site of St Patrick's Missionary Society. Single rooms are available, but bathrooms are shared. Dinners will be provided both nights, as well as breakfast and lunch on both days.
This course is suitable for people who have a good understanding and good communication skills in Irish (although no need to be perfect of course!).
The cost of the course is €450. Places are limited so book early!
More information: www.fuiseog.org
Location
Slí an Chroí, W91 Y022