Cuar & Muireann Ní Shé - Seanscoil Sailearna, Conamara
Sun 28 Apr 2024 19:30 - 22:00
Seanscoil Sailearna, H91 P23Y
Description
Is ar 28 Aibreán a bheas oíche cheoil ar leith ar siúl i Seanscoil Sailearna, Indreabhán á chur i láthair ag Gliogar. ‘Siad ceoltóirí na hoíche ná Cuar (á stiúradh ag Neil Ó Lochlainn) agus Muireann Ní Shé. Tá siad fréamhaithe sa traidisiún agus stíl a gceoil féin go smior acu. Beidh siad i dteannta lena mbuíonta féin a bhfuil an-tóir ar fud na tíre orthu. Beifear ag súil le scoth an cheoil Ghaelach ó shamhlaíocht na gceannródaithe seo. Beidh na doirse ar oscailt ó 7.30i agus tosnóidh an ceol ag 8i.n.
Is ceoltóir agus cumadóir aitheanta é Neil Ó Lochlainn as tuaisceart an Chláir. Tá sé de sprioc ag an Lochlannach forbairt a dhéanamh ar theanga nua sa gceol comhaimseartha atá bunaithe ar cheol traidisiúnta na hÉireann. Tá sé ina chomhbhunaitheoir agus stiúrthóir ceoil le Ensemble Ériu (TG4 Gradam Ceoil 2015). Dar le Martin Hayes "Neil has an instinct and feel for different strands of music that allows him to create uncompromised musical worlds that speak with real depth and authenticity."
Bíonn an grúpa Cuar ag plé idir thubchumadóireacht agus cheol na hÉireann le hinspioráid ón gceol as Contae an Chláir ar thaobh amháin agus ceol ón India Theas, an Afraic Thiar agus ceol comhaimseartha tobchumadóireachta ar an taobh eile. ‘Siad Roscanna (2017) agus Umhaill (2022) an dá albam atá eisithe acu. ‘Sé Tairseach an tríú albam a mbeidh seolta acu ar 26 Aibreán. Sa gceolchoirm ar an 28ú, casfaidh said píosaí ó ‘chuile albam agus, go deimhin, cupla port as Contae an Chláir. Beidh an olldord agus an fheadóg mhór idir láimhe ag Ó Lochlainn, agus ina theannta beidh Sam Comerford ar an sacsafón agus Ultan Ó Briain ar fhidil agus violá.
Is píobaire uilleann, il-ionstraimí agus amhránaí as Contae Chorcaí í Muireann Ní Shé atá fréamhaithe sa gcultúr Gaelach ó bhí sí óg. In 2023, d’eisigh sí a céad albam, Éistigh Liomsa Sealad, ar a bhfuil fuaimdhream ar leith cruthaithe aici ina dtagann an ceol traidisiúnta, an sean-nós agus gnéithe comhaimseartha le chéile.
Á tionlacan le linn na hoíche, ‘sé Macdara Ó Faoláin ón Rinn i gContae Phort Láirge atá ina cheoltóir uil-uirlise. Is iomaí ceoltóir cumasach lena chas sé ar nós Páraic MacDonnchadha, Derek Hickey, na Friel Sisters, Caoimhín agus Seán Ó Fearghaíl, Nell Ní Chróinín agus Nuadán. Músclaíonn a shuim i gcomhcheol agus a theicnící séimh stíle ar leith le ceol traidisiúnta a thionlacan ar an mbasúcaí.
Is cnuasach ealaíontóirí agus ceoltóirí iad Gliogar a chuireanns ceolchoirmeacha ar siúl, go háirid trí mheáin na Gaeilge agus le ceoltóirí comhaimseartha Gaelacha. Tá siad lonnaithe i gConamara Theas. Ba mhaith le Gliogar a mbuíochas a ghabháil le Ciotóg agus Comharchumann Shailearna Teo. as an tacaíocht uilig.
Location
Seanscoil Sailearna, H91 P23Y