Spraoi ar an Trá- Co. an Chláir
Beidh teaghlaigh an Chlár ag teacht le chéile ag Trá an Leacht (Lahinch) Dé Sathairn 20 Iúil 2024.
Buailfimid le chéile ag stáisiún an garda tarrthála ar 11:30 agus beidh spraoi agus spóirt againn don lá.
Tóg buicéad agus spád leat chun páirt a ghlacadh sa chomórtas caisleán gainimh, tóg leat do chulaith snámha más féidir le dul ag snámh má tá an aimsir go deas.
Beidh cluichí spóirt ar an lá agus gheobhaidh na páistí roinnt dúshláin mar chuid de.
Tóg picnic leat agus beidh cúpla amhráin againn le chéile ar an lá.
Fáilte roimh chách agus gach leibhéal Gaeilge.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó elaine@glornangael.ie
Location
Trá an Leacht (Lahinch)