Skip to main content
  • Saoire Ghaeltachta 2026
1 of 3

Saoire Ghaeltachta 2026

Sun 9 Aug 2026 21:00 - Sat 15 Aug 2026 13:00 IST Coláiste Íde, V92E432

Saoire Ghaeltachta 2026

Sun 9 Aug 2026 21:00 - Sat 15 Aug 2026 13:00 IST Coláiste Íde, V92E432

Need help?

Manage tickets

Íoc éarlais €50 anois le spás a chur in áirithe don Saoire Ghaeltachta 2026. Ní aisíocfar an éarlais seo in aon chás.- Tá an t-éarlais seo le díol beag beann ar chursaí lóistín. Éarlais amháin le díol do gach teaghlach!  Beimíd i dteangmháil faoi sin níos déanaí. 

Aon cheist > rut@glornangael.ie

Tá áthas ar Ghlór na nGael go mbeidh an tSaoire Ghaeltachta ar ais i gCorca Dhuibhne arís i mbliana. Beidh sí ar siúl ón Domhnach 9 Lúnasa go dtí an Satharn 15 Lúnasa 2026.

Tugann an tSaoire deis do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge teacht le chéile in atmaisféar spraíúil, tacúil agus cairdiúil chun aithne a chur ar a chéile agus am a chaitheamh le teaghlaigh eile atá ar an turas teanga céanna leo.

Beidh muid lonnaithe arís i gColáiste Íde i mbliana, lasmuigh den Daingean. D’fhreastail níos mó teaghlaigh anuraidh ná ariamh agus táimid ag dúil leis an fhás chéana arís.

Tá roinnt clár na n-imeachtaí á bheachtú again go fóill ach tá dóchas againn go mbeidh ceardlanna ealaíne, turas chuig na Blascaodaí, spraoi ar an trá, marcaíocht chapaill, turas chuig na Hurdy Gurdy’s agus níos mó ann.

Cuirfear lóistín ar fáil i gColáiste Íde féin, áit a bhfuil idir seomraí príobháideacha agus suanliosanna. Is fearr le roinnt teaghlaigh a gcuid socruithe féin a dhéanamh agus freastal ar na himeachtaí.

Ta clár na n-imeachta,i á bheachtú anois. Beidh amanna na n-imeachtaí comhordaithe chun nach mbeidh siad ag teacht salach ar am na mbeiltí.

 

Is iad costas na seachtaine ná:

Táille Lóistín, Bia agus

  • Duine Fásta- €290 don saoire ar fad
  • Faoi 18- €210 don saoire ar fad
  • faoi 2- €20 don saoire ar fad
  • teaghlach 4 (beirt duine fásta amháin)- €980 don saoire ar fad
  • teaghlach 5 (beirt duine fásta amháin)- €1090 don saoire ar fad
  • teaghlach le 6 (beirt duine fásta amháin)- €1240 don saoire ar fad
  • Is iad na cuairteoirí lae na daoine sin nach bhfuil ag fanacht thar oíche sa Choláiste.


Location

Coláiste Íde, V92E432