An Tolg Liteartha
An Tolg Liteartha
Share this event
Mórimeacht liteartha na Gaeilge ag a gcuirfidh an sárchraoltóir Tristan Rosenstock ó RTÉ Raidió na Gaeltacht agallamh ar bhuaiteoirí Ghradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais 2025 – Gradam Uí Shuilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta), Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg) agus Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana do Shaothar Aistrithe go Gaeilge ó theanga eile).
Is mór an ónóir na gradaim seo a ghnóthú agus labhróidh na buaiteoirí le Tristan maidir leis an aistear cruthaitheach a thug go dtí an buaicphointe seo iad ag a bhfuil ardmholadh agus ardmheas á mbaint amach acu. Labhróidh criticeoirí liteartha ó Ollscoil Mhá Nuad le Tristan chomh maith ar na leabhair a bhuaigh agus ar litríocht chomhaimseartha na Gaeilge.
Cuirfidh ceol traidisiúnta den scoth ar fáil mar chuid den mhórócáid. Craolfar An Tolg Liteartha 2025 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta níos déanaí sa bhliain.
Arna eagrú ag Leabharlanna Chill Dara i gcomhar le hOllscoil Mhá Nuad, leis an Oireachtas agus le RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Location
Leabharlann agus Ionad Cultúrtha an Náis / Naas Library & Cultural Centre, W91 E1RT