Skip to main content
  • Join us as we celebrate the launch of “Cad é an Ghaeilge ar Poppers?”
1 of 3

Join us as we celebrate the launch of “Cad é an Ghaeilge ar Poppers?”

Thu 5 Nov 2026 18:00 - 20:30 GMT Photo Museum Ireland, D02 X406

Join us as we celebrate the launch of “Cad é an Ghaeilge ar Poppers?”

Thu 5 Nov 2026 18:00 - 20:30 GMT Photo Museum Ireland, D02 X406

Photo Museum Ireland warmly invites you to celebrate the Zine launch of  “Cad é an Ghaeilge ar Poppers?” by artist Elena Ní hArgáin, a photographic project documenting queer Irish-speaking communities. Over the past three years, photographer Elena Ní hArgáin has captured various groups across a vibrant cross-section of culture, including queer set dancing with AerachAiteachGaelach, the Queercal Comhrá social groups, the first ever LGBTQ+ Irish college for adults on Oileán Chléire, and Irish classes run by the world's first explicitly LGBTQ+ inclusive GAA team. Supported through a year-long mentorship with education manager Darragh Shanahan at Photo Museum Ireland, supported with funding from Arts and Disability Ireland and Foras na Gaeilge, Elena created this distinctive photographic project, now presented as a published zine. 

Fearann Fótómhúsaem na hÉireann fáilte chroíúil romhaibh chuig seoladh an irisín “Cad é an Ghaeilge ar Poppers?” leis an ealaíontóir Elena Ní hArgáin. Is tionscadal grianghrafadóireachta é seo a dhéanann taifead ar phobal aiteach na Gaeilge. Le trí bliana anuas, tá Elena Ní hArgáin tar éis grianghraif a ghlacadh de ghníomhaíochtaí grúpaí éagsúla sa phobal sin atá ag cruthú cultúr bríomhar aiteach trí mheán na Gaeilge, cuir i gcás damhsa seit aiteach le hAerachAiteachGaelach, grúpaí sóisialta an Queercal Comhrá, an chéad champa samhraidh Gaeltachta le haghaidh daoine fásta LADTA+ ar Oileán Chléire, agus na ranganna Gaeilge leis an gcéad chlub CLG ar domhan a bunaíodh go sonrach le haghaidh daoine LADTA+. Chruthaigh Elena an tionscadal uathúil grianghrafadóireachta seo le meantóireacht bhliana ó Bhainisteoir Oideachais Fótómhúsaem na hÉireann, Darragh Shanahan, agus le maoiniú ó Ealaíona agus Míchumas Éireann agus Foras na Gaeilge. Cuirfear toradh an tionscadail ar fáil mar irisín clóite.

Publication Details:

Featuring an introductory piece by Tonie Walsh, LGBTQ+ archivist and founding editor of Gay Community News (Dublin) alongside the Irish Queer Archive.
Imagery by Elena Ní hArgáin.
Designed by award-winning designer Ciara Wade.
Contributions by Eoin Mc Evoy (AerachAiteachGaelach), Pádraig Ó Cuinneagáin (AerachAiteachGaelach), Patricia Ní Bhroin (AerachAiteachGaelach set dancing) and Robbie Irwin (Na Gaeil Aeracha).
Editing by Eoin Mc Evoy and Conall Ó Duibhir.

Sonraí an fhoilseacháin:
Réamhrá le Tonie Walsh, cartlannaí LADTAIÉ+, eagarthóir bunaidh Gay Community News (Baile Átha Cliath) agus bunaitheoir Chartlann Aiteach na hÉireann.
Íomhánna le hElena Ní hArgáin.
Dearadh leis an dearthóir gradamach Ciara Wade.
Scríbhinní le hEoin Mc Evoy (AerachAiteachGaelach), Pádraig Ó Cuinneagáin (AerachAiteachGaelach), Patricia Ní Bhroin (Damhsa seit AerachAiteachGaelach) agus Robbie Irwin (Na Gaeil Aeracha).
Eagarthóireacht le hEoin Mc Evoy agus Conall Ó Duibhir.

Join us for an evening of celebration of community, culture and language, featuring an engaging panel discussion with:
Photographer Elena Ní hArgáin
Archivist Tonie Walsh
Aoife Ní Mhórdha of Na Gaeil Aeracha
Eoin Mc Evoy of AerachAiteachGaelach
and facilitator Conall Ó Duibhir from AerachAiteachGaelach

Bígí linn le haghaidh tráthnóna cuideachta, cultúir agus teanga mar aon le painéal plé idir:
Grianghrafadóir Elena Ní hArgáin
Cartlannaí Tonie Walsh
Aoife Ní Mhórdha ó Na Gaeil Aeracha
Eoin Mc Evoy ó AerachAiteachGaelach
agus áisitheoir Conall Ó Duibhir ó AerachAiteachGaelach.

Location

Photo Museum Ireland, D02 X406