Cnámha aduaine bíoblóra: Cnámh de chuid Thady Connellan i mbailiúchán an Acadaimh
Cnámha aduaine bíoblóra: Cnámh de chuid Thady Connellan i mbailiúchán an Acadaimh
Share this event
Need help?
Sa bhliain 2025 bronnadh cnámh de chuid an 19ú céad ar Leabharlann an Acadaimh a bhfuil inscríbhinn i nGaeilge uirthi. Tabharfaidh an chaint seo spléachadh ar chúlra na cnáimhe aduaine seo, ar roinnt samplaí eile den chineál céanna, agus ar an bhfear a rinne iad ar fad.
Sa chaint seo déanfar cnámh aduain ón naoú céad déag atá anois i seilbh an Acadaimh a scrúdú. Sna 1830idí a cuireadh inscríbhinn Gaeilge leis an gcnámh, agus le roinnt cnámha eile den chineál céanna. Ba é Thady Connellan (Tadhg Ó Coinnialláin, c.1780–1854), bíoblóir agus máistir scoile as Sligeach a rinne na hinscríbhinní éagsúla sin agus é ar cuairt ar an mBreatain. Tá cuid de na cnámha eile sin ar coimeád i leabharlanna éagsúla sa Bhreatain go fóill. Sa Bhreatain chomh maith, i seilbh phríobháideach, a bhí cnámh an Acadaimh, go dtí gur bronnadh ar an Acadamh í le déanaí.
Léachtóir Sinsearach i Roinn na Ceiltise agus Léann na hAlban in Ollscoil Dhún Éideann é Peadar Ó Muircheartaigh. Cuireadh oiliúint air in Ollscoil na Gaillimhe, Ollscoil Notre Dame agus in Ollscoil Dhún Éideann. Tá tréimhsí taighde caite aige in Institiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath agus in Den Arnamagnæanske Samling, Cóbanhávan. Baineann cuid mhór dá chuid taighde le lámhscríbhinní na Gaeilge in Éirinn agus in Albain.
Riachtanais rochtana
An bhfuil riachtanais rochtana de chineál ar bith agat? An bhféadfaimis cuidiú leat tairbhe iomlán a bhaint as an imeacht? Bí i dteagmháil, roimh ré, le hoifigeach rochtana an Acadaimh, accessofficer@ria.ie
Eolas faoi Acadamh Ríoga na hÉireann
Is cumann léannta neamhspleách, uile-oileáin é Acadamh Ríoga na hÉireann, a bunaíodh sa bhliain 1785. Tacaíonn an tAcadamh le scoláireacht agus taighde sna heolaíochtaí, sna daonnachtaí agus sna heolaíochtaí sóisialta. Tá tuairim is 680 comhalta tofa ann agus 80 ball foirne, agus déanann siad ionadaíocht ar son na hÉireann go hidirnáisiúnta, cuireann siad comhairle shaineolach ar fáil don rialtas, déanann siad taighde, déanann siad deontais taighde a riaradh, eagraíonn siad comhdhálacha agus léachtaí poiblí, cuireann siad leabhair agus irisí acadúla i gcló, agus déanann siad cúram de leabharlann taighde.
Acadamh Ríoga na hÉireann | Royal Irish Academy
T: +353 (0)1 609 0600
ria.ie/library | Bluesky | Instagram | LinkedIn | Sign up to our newsletter
Location
Royal Irish Academy, 19 Dawson Street, Dublin 2, D02 HH58