Siúlóid sna Sléibhte - Ceann Bhólais
Siúlóid Ghaeilge timpeall Cheann Bhólais - Irish language walk around Ceann Bhólais
Dua/Difficulty: 2/5
Airde/Height: 315m 1,000ft
Achar/Distance: 8km
Am/Time: 2:45hr
NÓTAÍ TÁBHACHTACHA/Important notes:
Cosc ar mhadraí/No dogs
Beir leat bia 's deoch/Bring food and drink
Éadaí oiriúnacha (Buataisí, éadaí báistí srl.) agus éadaí sa mbreis/Suitable clothing (Boots, rain gear etc.and spare clothes)
'Ní chuaigh éinne riamh go Bólus ach a bheith i ndóchas rud a fháilt ann' Ar lá breá ar Bhólas, bhraithfeá go bhféadfá do lámh a chur amach agus a leagadh ar na Sceilgí. Táimid ag súil go mór leis an tsiúlóid luí na gréine seo!
'No one ever went to Bólus without hope to find something there' On a good day on Bólus, you'd feel you could reach out your hand and touch the Skelligs. We're really looking forward to this sunset walk!
Cén áit ab fhearr do chuid Gaeilge a chleachtadh ná thuas ar shliabh ag sú isteach radharcanna áilne Chiarraí? Tagaíg linn timpeall Cheann Bhólais le Séaghan Ó Súilleabháin, The Kerry Cowboy. Is deis iontach a bheidh san imeacht seo do dhaoine nascadh leis an ndúlra timpeall orthu agus a dteanga dhúchais ag an am céanna. Beidh caint ar logainmneacha, ainmneacha plandaí, béaloideas agus eile ach an príomrud ná an comhrá. Is gá leibhéal réasúnta aclaíochta bheith agat agus tá fáilte roimh gach leibhéal Gaelainne. Muna bhfuil agat ach cúpla focal nó má tá tú líofa, bainfidh tú ardsúp as Siúlóid sna Sléibhte! Beimid ag bualadh le chéile ag 4pm Dé hAoine an 20ú Meán Fomhair ag Carrchlós Alachaí Mór (V92 F990). Ba bhreá linn tú bheith inár dteannta! - Buíochas le Comhairle Chontae Chiarraí as an dtacaíocht. Eagraithe i bpáirt le Aon Scéal agus Oíche Chultúir.
What better place is there to practise your Irish than on a mountaintop soaking in Kerry’s incredible scenery? Join us walking around Ceann Bhólais with Séaghan Ó Súilleabháin, The Kerry Cowboy. This event is a fantastic opportunity for people to connect with our surrounding nature and our native language at the same time. We’ll be discussing the names of places and plants, local mythology and history and more but the main thing is the comhrá (chat). A reasonable level of fitness will be required and all levels of Irish are more than welcome. If you’ve only the cúpla focal or if you’re fluent, Siúlóid sna Sléibhte promises to be an enjoyable outing for all. We’ll be meeting at 4pm on Friday the 20th of September at Alachaí Mór Carpark (V92 F990) - Many thanks to Kerry County Council for their support. Organised in conjunction with Aon Scéal and Culture Night.
Location
Carrchlós Alachaí Mór, V23 F990